MAIDIR LINN

Cé muid féin

Cé muid féin Is comhlacht aistriúcháin agus comhairleoireachta teanga é Europus a bunaíodh i 1996. Cuireann an comhlacht seirbhísí aistriúcháin, comhairleoireachta agus fotheidealaithe den chéad scoth ar fáil do chliaint san earnáil phríobháideach agus phoiblí, do na meáin náisiúnta agus do hInstitiúidí Eorpacha. Fuair bunaitheoir Europus, Áine Ní Chonghaile, a cuid oiliúna i Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais áit a raibh sí ag obair ina haistritheoir dlí ar feadh breis is 10 mbliana. Thosaigh Sinéad Ní Ráinne ag obair leis an gcomhlacht nuair a bunaíodh é i 1996 agus d’oibrigh i réimsí éagsúla sa chomhlacht ó shin. Ghlac Sinéad úinéireacht ar an gcomhlacht in 2010.

Tá 12 fostaithe go lánaimseartha ag Europus. Tá céim onóracha Gaeilge ag ár bhfostaithe ar fad agus ní mór dóibh scrúdú scríofa agus agallamh a dhéanamh sula gceaptar iad. Tá An Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí ó Fhoras na Gaeilge ag formhór fhostaithe Europus. Cuireann Europus dian-oiliúint ar aistritheoirí agus ar fhotheidealóirí agus bíonn orthu freastal ar Ard- Dioplóma i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán Europus/Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, cáilíocht a bhfuil creidiúnú aici ó HETAC.

Cuirtear oiliúint ar fhostaithe nua Europus maidir le stíl an tí, cleachtais oibre agus eile i.e. taighde a dhéanamh ar théarmaíocht, an úsáid chuí a bhaint as cuimhní, uirlis CAT.

 

AN FHOIREANN

Is i gceartlár Chonamara ar an gCeathrú Rua atá oifigí Europus lonnaithe agus i measc fhoireann bhuan an chomhlachta tá:

Sinéad Ní Ráinne

Aistritheoir Sinsearach/Comhairleoir

BA i nGaeilge agus Eacnamaíocht ó UCD, Ard- Dioplóma/MSc i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán ó Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe, MLitt sa Nua- Ghaeilge ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus an Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí ó Fhoras na Gaeilge– bhí Sinéad ar dhuine de bhunaitheoirí Europus i 1996. Ghlac sí úinéireacht ar an gcomhlacht in 2010. I measc a cuid dualgas faoi láthair tá an tArd-Dioplóma i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán a chomhordú thar ceann Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh agus seirbhís comhairleoireachta teanga a chur ar fáil do TG4..

Isadora Ní Loingsigh,

Bainisteoir Europus/Aistritheoir Sinsearach

BA, Ard-Dioplóma i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán, An Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí ó Fhoras na Gaeilge – tá Isadora ag obair i dtionscal an aistriúcháin le breis is dhá bhliain déag. I measc na gcúraimí atá ar Isadora, tá foireann agus oifig Europus a bhainistiú agus a chomhordú chomh maith leis na haistritheoirí seachtracha. Cinntíonn sí go ndéantar an obair ar fad a sholáthar in am agus ar ardchaighdeán.

Ríona Ní Chonbhuí

Aistritheoir

Deirdre Ní Mhuirthile

Aistritheoir

BA, PME, Ard-Dioplóma i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán – is le gairid a thosaigh Deirdre ag obair i Europus ina haistritheoir lán-aimseartha. Bhain Deirdre amach an Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí le déanaí i ndiaidh di an tArd-Dioplóma i nGaeilge Fheidhmeach & Aistriúchán de chuid Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh/Europus a chríochnú.

Caoimhín Ó Maoileoin

Fotheidealóir

Treasa Nic Dhonncha

Fotheidealóir

B.A., M.A., Ard-Dioplóma i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán, Ard-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach, tá breis is 10 mbliana caite ag Treasa ag obair sa tionscal scannán agus teilifíse. Tá sí fostaithe i Europus ó 2018 áit a bhfuil sí ag obair go lánaimseartha ina fotheidealóir agus aistritheoir.

Pat Seoighe

Riarthóir

AISTRITHEOIRÍ SEACHTRACHA

 

Chomh maith le saineolaithe teanga a bheith againn ar an láthair fostaíonn Europus aistritheoirí oilte ar bhonn seachtrach. Is iarfhostaithe de chuid Europus iad de ghnáth a bhfuil eolas agus tuiscint acu ar an gcaighdeán a éilímid agus na cleachtais oibre atá againn. Déan aistritheoir sinsearach obair ó aistritheoirí seachtracha a sheiceáil agus a phrofáil sula seoltar chuig an gcliant é.

 

Eolas fúinn

Is comhlacht aistriúcháin agus comhairleoireachta teanga é Europus a bunaíodh i 1996. Cuireann an comhlacht seirbhísí aistriúcháin, comhairleoireachta agus fotheidealaithe den chéad scoth ar fáil do chliaint san earnáil phríobháideach agus phoiblí chomh maith leis na hInstitiúidí Eorpacha.

Bímid ar fáil ón 09.00-5.00 Luan go hAoine agus bíonn aistritheoir sinsearach ar fáil i gcónaí chun comhairle a chur ar chliaint nó tabhairt faoi aistriúchán ar an toirt.

Teagmháil

+353 91 595492

eolas@europus.ie

An Cheathrú Rua, Co. Galway, Ireland, H91 XK3E

Designed By Quinnee.com , © 2022, Europus