CEISTEANNA COITIANTA

CAD A CHOSNAÍONN SEIRBHÍS AISTRIÚCHÁIN?

Is de réir an fhocail a ghearrtar táille ar aistriúchán. Bíonn táillí éagsúla i gceist ag brath ar chastacht agus ábhar na cáipéise. Gearrtar bunráta ar ghnáthábhar mar tuarascálacha agus comhfhreagras agus táille níos airde i gcás ábhar níos teicniúla nó níos casta mar ábhar dlí.

Faigheann cliaint Europus luach a gcuid airgid i gcónaí mar go gcuirimidne dhá sheirbhís ar fáil ar aon phraghas amháin – seirbhís aistriúcháin agus seirbhís phrofléitheoireachta. Sa chás go mbíonn ábhar le foilsiú, bímid breá sásta súil sciobtha a chaitheamh ar an leagan deiridh nuair a bhíonn sé leagtha amach ag na foilsitheoirí lena chinntiú nach bhfuil aon ní as cor sula dtéann sé i gcló.

Chun meastachán a fháil, seol an t-ábhar agus do chuid sonraí teagmhála chuig   eolas@europus.ie   agus seolfaimid meastachán agus sprioc láithreach.

CÉN tACHAR A GHLACANN SÉ AISTRIÚCHÁN A
SHOLÁTHAR?

Geallann Europus seirbhís ghairmiúil ar ardcháilíocht a chur ar fáil laistigh den sprioc-am a aontaítear leis an gcliant. Bíonn teagmháil sheasta ag Europus leis an gcliant le linn an phróisis aistriúcháin chun aon cheisteanna/deacrachtaí a phlé.

De bharr go bhfuil foireann aistritheoirí Gaeilge in-tí againn tá muid in ann aistriúcháin a chur ar fáil láithreach laistigh de sprioc-amanna an-chúng (ie 200- 1000 focal laistigh de 3 uair an chloig ar a mhéad). Is 9.00-5.00pm Luan-Aoine uaire na hoifige agus bíonn ball den fhoireann/aistritheoir sinsearach ar fáil I gcónaí i gcás tascanna práinne nó chun ceisteanna práinne a phlé. Labhraíonn cliaint go rialta ar an bhfón linn má bhíonn ábhar práinne lasmuigh d’uaire oifige i gceist.

Má tharlaíonn sé go gcaitear ábhar a sheachadadh le linn deireadh seachtaine nó deireanach sa lá déantar na socruithe cuí leis sin a dhéanamh.

CÉN CHAOI A gCINNTÍTEAR ARDCHAIGHDEÁN SAN AISTRIÚCHÁN?

Is cainteoirí dúchais Gaeilge formhór ár gcuid aistritheoirí a bhfuil sainoiliúint curtha orthu i scríobh na Gaeilge. Roghnaítear aistritheoirí do thograí ar leith de réir a saineolais agus a dtaithí ar an ábhar atá i gceist. Cuireann Europus an Caighdeán Oifigiúil i bhfeidhm i ngach aistriúchán Béarla-Gaeilge mura n-éilíonn an cliaint a mhalairt. Baintear úsáid as téarmeolaíocht atá faofa ag an gCoiste Téarmaíochta chomh maith le foinsí agus bunachair sonraí oifigiúla agus aitheanta – Tearma.ie, Logainm.ie, Gaois.ie, iate.europa.eu, Achtanna agus Ionstraimí Reachtúla arna n-aistriú ag Tithe an
Oireachtais.

CÉ NA FORMÁIDÍ COMHAID A nGLACTAR LEO?

Glacaimid le formhór formáidí ina measc Word, Excel agus Powerpoint. Glactar le PDF freisin ach ní mór a thabhairt ar aird go gcuirtear an leagan amach as riocht go minic nuair a bhítear ag obair le PDF.

An bhfuil tuilleadh eolais uait?

Déan teagmháil linn!

Eolas fúinn

Is comhlacht aistriúcháin agus comhairleoireachta teanga é Europus a bunaíodh i 1996. Cuireann an comhlacht seirbhísí aistriúcháin, comhairleoireachta agus fotheidealaithe den chéad scoth ar fáil do chliaint san earnáil phríobháideach agus phoiblí chomh maith leis na hInstitiúidí Eorpacha.

Bímid ar fáil ón 09.00-5.00 Luan go hAoine agus bíonn aistritheoir sinsearach ar fáil i gcónaí chun comhairle a chur ar chliaint nó tabhairt faoi aistriúchán ar an toirt.

Teagmháil

+353 91 595492

eolas@europus.ie

An Cheathrú Rua, Co. Galway, Ireland, H91 XK3E

Designed By Quinnee.com , © 2022, Europus