FOLÚNTAIS
FOLÚNTAS
Tá Europus ag cur seirbhísí aistriúcháin, comhairleoireachta agus fotheidealaithe ar fáil do chliaint san earnáil phríobháideach agus phoiblí, do na meáin náisiúnta agus do na hInstitiúidí Eorpacha le beagnach 30 bliain. Mar thoradh ar chonradh atá bainte amach ag an gcomhlacht le ceann d’Institiúídí na hEorpa is mian linn cur leis an bhfoireann bhuan.
AISTRITHEOIRÍ FAOI OILIÚINT (2)
Is mian le Europus beirt aistritheoirí faoi oiliúint a fhostú a bheidh lonnaithe in oifig an chomhlachta ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe. Cuirfear treoir agus oiliúint ar an té a n-éireoidh leis i ngach réimse den aistriúchán, de theicneolaíocht an aistriúcháin agus de chruinneas na Gaeilge.
Riachtanach:
- Cáilíocht ábhartha tríú leibhéal
- Sárscileanna Gaeilge agus Béarla, idir scríofa agus labhartha
- Sárscileanna ríomhaireachta
- Sárscileanna eagrúcháin, cumarsáide agus in ann oibriú as a stuaim féin
Inmhianaithe:
- Iarchéim san Aistriúchán
Conradh bliana a bheidh i gceist ar dtús ach d’fhéadfaí síneadh a chur leis an tréimhse sin ina dhiaidh sin.
Más suim leat tuilleadh eolais a fháil faoin bpost thuas seol iarratas agus CV chuig sinead@europus.ie faoin 17 Iúil 2026.